Failte go Aire Cuan Eili

AIRE Cuan Eilí

Failte go Aire Cuan Eili

AIRE Cuan Eilí

Fáilte chuig AIRE, Cuan Eilí, Láithreán Páirceála thar oíche do Veaineanna Campála i gCuan Eilí, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

Is ar shuíomh álainn i gcroílár na Gaeltachta atá an láithreán. Breathnaíonn sé amach ar Chuan Eilí, trá ag a bhfuil stádas Brat Gorm. Anuas air sin, tá sé buailte leis an ionad eachtraíochta, Coláiste UISCE.

Is féidir dul ag siúl nó ag rothaíocht ar cheann de na Lúba Náisiúnta áille atá sa cheantar. Rogha eile ná dul ar thuras báid chuig Inis Gé nó galf a imirt ar Ghalf Chúrsa Chairn.

Gheofar deis cúpla focal Gaeilge a labhairt freisin más mian leat. De bharr go bhfuil muid i gcroílár na Gaeltachta tá neart suíomhanna sa cheantar ina labhraítear Gaeilge agus is féidir eachtraí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach é a lorg.

Tá súil againn an AIRE a oscailt ar an 7/6/2021.

Le gach dea-ghuí,

Róise Ní Mhurchú 🙂

Check for availability below:

Required fields are followed by *